Tá EURid tiomanta do scéalta rathúla faoi na trí iarmhír atá againn a thaispeáint. Má tá ainm fearainn .eu, .ею or .ευ agat agus suíomh gréasáin den scoth, féadfaidh tú do theistiméireacht féin a chur isteach agus do scéal a roinnt leis an domhan mór.
Más mian leat go roghnófaí do chuid táirgí nuair a bhíonn tomhaltóirí ag déanamh cinntí faoin cheannacháin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh laithreacht éifeachtach ag do chuideachta ar líne. Déan nasc le do chuid custaiméirí inniu trínár n-iarmhíreanna ainmneacha fearainn.
Féadfaidh aon chuideachta, duine aonair nó eagraíocht atá lonnaithe san Aontas Eorpach nó san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua, nó saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh, neamhspleách ar a n-áit chónaithe ainm fearainn a chlárú. Níl ach dhá chéim i gceist!
Féach ar an liosta de chláraitheoirí creidiúnaithe chun ceann a aimsiú a bheidh ábalta cuidiú leat d'ainm fearainn a chlárú.
Faigh freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn á gcur ag sealbhóirí ainmneacha fearainn.